Mar sin a fheiceann tú, bhí beirt fhear ag dumpáil sa loch go mídhleathach.
Teastaíonn fianaise níoscinnte uainn.
Téigh ar aghaidh.Labhair, a leaid!
Chonaic mé beirt fhear ag dumpáil ach níl mé cinnte cé hiad. D'fhéadfadh siad in aon duine!
Gan fianaise cinnte, beidh na bithiúnaigh éalú. Aon smaointe?
Aha! Ceamara Seosamh! Sin é.
Tá an tríú radharc suite sa seomra cúirte. Mhínigh Cléireach na Cúirte an eachtra a tharla idir na daoine óga agus na bithiúnaigh don bhreitheamh. Ní raibh Seosamh ann, áfach, mar d’imigh sé le Sinéad chun a cheamara a fháil le roinnt fianaise thábhachtach. Ar an lámh eile, bheadh Éamonn Beag ina fhinné ar na bithiúnaigh.
Stop anduine sin!
Dá bhrí sin, thug Mac Uí Dhroma, dlíodóir na mbithiúnach, Éamonn Beag go barr an tseomra cúirte. Dúirt sé go bhfaca sé daoine ag dumpáil ach nach raibh a fhios aige cé a bhí ann. Bhí náire ar chairde Éamonn leis. Bhí sos beag acu ansin chun labhairt faoin scéal lena ndlíodóir, Mac Uí Ghríofa.
Bhuel, ní bréag pictiúir. Leis seo, gearraim fíneáil €800 ar Shéamus Dubh agus ar Pheadairín.
Labhair Mac Uí Ghríofa leis na gasúir agus dúirt sé go raibh fianaise ag teastáil uathu freisin. D’inis Sinéad dóibh go raibh Seosamh imithe chun a cheamara a fháil ar an bportach. Leis na grianghraif a ghlac sé, bheadh go leor fianaise acu chun a chruthú go raibh na bithiúnaigh ciontach.
Hurú! Hurú! Hurú!Cosc ar thruailliú!Deireadh le truailliú!Deireadh le dumpáil!Fíneáil mhór inniu!
Cosc ar truailliú!
Cosc ar dhumpáil
Cé gur lig tú síos sinn, a Éamonn, beidh tú i gcónaí inár gcara. Tar linn!
Tar éis deireadh leis an sos, thosaigh an cás arís. Bhí sé ar tí críochnú nuair a rith Seosamh isteach sa seomra. Ina lámh, bhí grianghraf de Séamus agus Peadairín ag caitheamh bruscair isteach sa loch. Thug sé do Mhac Uí Ghríofa é. Rinne sé miongháire agus thug sé don bhreitheamh é chun cigireacht a dhéanamh.
Fan, féach, táim anseo… agus tá fianaise mhaith agam.
Bhí iontas ar an mbreitheamh. Thaispeáin sé an grianghraf do Mhac Uí Dhroma, ach ní raibh sé sásta ach oiread, ar ndóigh. Labhair an dlíodóir neirbhíseach lena chuid cliant. Bhí a fhios acu go léir gur shroich siad ceann caoch. Bhí orthu an fhírinne a rá. Mar sin, ghearr an breitheamh fíneáil €800 an duine arShéamus Dubh agus ar Pheadairín.
Ar a laghad, is fearr é sin ná a bheith faoi ghlas sa chillín.
Bhuaigh na déagóirí an cás. Bhí siad ag ceiliúradh ar an mbealach amach ag bualadh bos agus ag canadh os ard. Ach chonaic Sinéad Éamonn Beag ina sheasamh go huaigneach ó gach éinne eile. Ní dhearna sí dearmad air, ach ina ionad sin, ghlaoigh sí anall air lena gceann. Bhí Éamonn Beag fós a cara, mar sin féin.