Iskanje
  • Iskanje
  • Moje Zbirke Zgodb

Unknown Story

Ustvarite Snemalno Knjigo
Kopirajte to snemalno knjigo
Unknown Story
Storyboard That

Ustvarite svojo snemalno knjigo

Preizkusite brezplačno!

Ustvarite svojo snemalno knjigo

Preizkusite brezplačno!

Snemalna Knjiga Besedilo

  • Is gearrscannán é seo atá bunaithe ar chailín óg a bhfuil pearsantacht ar leith aici. Tá an briseadh croí a bhaineann leis an mbás mar théama lárnach ann.Tá athair Rúbaí tar éis bháis agus tá brón mór uirthi.Is léir gur cailín cliste deisbhéalach í. Nuair atá na páistí á n-ullmhú don chéad Chomaoineach ar scoil cuireann Rúbaí a lámh in airde go minic. Deir sí nach mbíonn a máthar i ndea-ghiúmar.Lena chois sin fógraíonn sí go neamhbhalbh nach gcreideann sí i nDia agus nach bhfuil aon chruthúnas go bhfuil sé ann. Cuireann sé seo frustrachas agus cantal ar an múinteoir agus téann sé chun cainte le máthair Rúbaí.Tá frustrachas ar mháthair Rúbaí chomh maith.I radharc eile is léir go raibh an mháthair ag iarraidh gúna a cheannach di ach nach raibh Rúbaí sásta. Tá an mháthair ag éirí crosta agus mífhoighneach léi.
  • Feictear Rúbaí ag léamh leabhar de chuid Charles Darwin. Tógann sí paidrín amach as a mála agus i radharc eile feicimid go bhfuil sé curtha i mbabhla iasc órga aici.Tagann sagart chun na scoile agus arís eile ní chuireann Rúbaí fiacail ann. Deir Rúbaí leis gur aindiachaí í. Tagraíonn an sagart don teagasc Críostaí agus tagraíonn Rúbaí do Charles Darwin. Baintear an chaint den sagart. Deir an mháthair go bhfuil sí náirithe. Tagraíonn sí don athair á rá gurbh í Rúbaí a pheata. Tá sí chun iallach a chur ar Rúbaí an chéad Chomaoineach a dhéanamh. Feictear grá Rúbaí don nádúr. Bíonn sí ag obair sa ghairdín go minic agus feicimid í ag bailiú péisteanna. I radharc eile feicimid í ag breathnú ar an gcuil ar an doras agus tá iasc órga mar pheata aici. Sa radharc sa reilig feicimid go bhfuil bláthanna curtha aici ar an uaigh. Nuair a chailltear an t-iasc órga déanann sí é a chur san uaigh chéanna lena hathair.I radharc na reilige feicimid cé chomh croíbhriste is atá Rúbaí. Ní chreideann sí i nDia a thuilleadh mar bhásaigh a hathair in ainneoin go ndúirt sí féin a cuid paidreacha.Tá radharc níos éadroime againn ag an deireadh mar a léiríonn Rúbaí a clisteacht agus a meon faoi leith. Fágann sí an múinteoir bocht gan focal.
Ustvarjenih več kot 30 milijonov snemalnih knjig